FÉACH: Sraith nua Cheoil Chomhaimseartha Ghaeilge CEOLÁN

placeholder image

Tá ríméad ar TG4 agus Stiúideo Cuan a fhógairt go bhfuil CEOLÁN, sraith nua cheoilchomhaimseartha Ghaeilge ar fáil ar chainéal YouTube TG4.

Dírithe ar an nglúin Z, is sraith 24 físeán ceoil atá i CEOLÁN ó scoth na ngrúpaí agusceoltóirí comhaimseartha, ina measc: Síomha, Grooveline, Spásas, Anna Mullarkey,Tadhg, Clagarnach, Eve Belle, Róisín Seoighe & Imlé, Eoghan Ó Ceannabháin & UltanO’Brien, SMAC_U, Caoimhe & Séamus Ó Flatharta agus Bríd Kenny.

Tá meascán leathan seánraí ceoil sa tsraith úrnua seo - popcheol, ceol comhaimseartha, ceol func, ceol ailtéarnach, ceol miotail throm, ceol dúchasach &ceol leictreonach – iad uilig úrnua agus é ag tabhairt ardán idirnáisiúnta do scoth an cheoil chomhaimseartha Gaeilge.

Éist le CEOLÁN anseo. 

Léiriú é CEOLÁN de chuid Stiúideo Cuan do TG4 agus é deartha go speisialta do na hardáin shóisialta i bhformáid 9:16 le hoiriúint do na meáin shoghluaiste.

Is é sprioc na sraithe ealaíon seo, a bhfuil grafaicí den scoth snoite tríd, ná gomearscaipfí na físeáin seo i measc na glúine Z agus iad ag aithint a gcomhaoiseanna /suimeanna / stíleanna féin san ábhar tarraingteach físe & fuaime seo. Paul D’Eath a stiúraigh CEOLÁN agus is é Darach Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan a léirigh. Jonathan Parson ón gcomhlacht deartha MuteGrab a dhear na grafaicí & ba é Liam King a bhí i mbun fuaime.

Powered by
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice