Beidh bailiúchán dramhaíola guaisí tí aon lae ar siúl Dé Sathairn 7

Beidh bailiúchán dramhaíola guaisí tí aon lae ar siúl Dé Sathairn 7placeholder image
Beidh bailiúchán dramhaíola guaisí tí aon lae ar siúl Dé Sathairn 7

Beidh bailiúchán dramhaíola guaisí tí aon lae ar siúl Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair i gcarrchlós íochtarach Pháirc an Phiarsaigh, Longfort ó 10rn go 12 meán lae.

I measc na n-earraí a bhaileofar beidh seanphéinte , glantóirí tí atá sean agus as dáta, luibhicídí gairdín, lotnaidicídí, dram ola, sean cógais agus sean bataire.

Gearrfar táille 50 cent in aghaidh an kg ar na míreanna seo.

Tabhair faoi deara nach mbeifear in ann glacadh le híocaíochtaí cárta ag an mbailiúchán seo.

Ní cheadófar aon phéint tráchtála, aispeist, dramh-ola ó gharáistí nó dramhaíl ghuaiseach tráchtála.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar bhailiúcháin agus ar tháillí déan teagmháil le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Longfoirt 043-3343462 nó R-phost [email protected] nó seiceáil ár leathanaigh Facebook agus Twitter.

Powered by
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice