Beidh bailiúchán aon lae de dhramhaíl ghuaiseach tí ar siúl Dé Sathairn an 20 Iúil 2024


Beidh bailiúchán aon lae de dhramhaíl ghuaiseach tí ar siúl Dé Sathairn an 20 Iúil 2024 sa charrchlós íochtarach i bPáirc an Phiarsaigh, Longfort ó 10.00am -12.00pm, bealach isteach trí bhóthar an chlub rugbaí.
I measc na n-earraí atá le bailiú beidh: seanphéinteanna, glantóirí tí atá sean agus as dáta, luibhicídí gairdín, lotnaidicídí, dramh-ola, cógais atá as dáta agus seancheallraí.


Ní cheadófar aon phéint tráchtála, dramh-ola ó gharáistí ná dramhaíl ghuaiseach tráchtála.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar bhailiúcháin agus ar tháillí, déan teagmháil le Rannóg Comhshaoil de Chomhairle Chontae an Longfoirt 043 3343462 nó seol ríomhphost chuig [email protected] nó seiceáil ár leathanaigh Facebook agus Twitter.
Tá an t- eolas seo go léir ar fáil freisin ar ár suíomh gréasáin ag www.longfordcoco.ie
*Sponsored Content